Bí ann nó as
táimse ag triall Ort
agus má tá
cuirim geasa Ort
mé a shábháil
ón dream
a deir
gur fear fuar
sa spéir Thú.
Tags: poetry god faith irish ireland gaeilge a-dhé caitlín-maude
Treall
Tabhair dom casúr
nó tua
go mbrisfead is
go millfead
an teach seo,
go ndéanfad tairseach
den fhardoras
'gus urláir de na ballaí,
go dtiocfaidh scraith
agus díon agus
simléir anuas
le neart mo chuid
allais...
Sín chugam anois
na cláir is na tairnní
go dtógfad
an teach eile seo...
Ach, a Dhia, táim tuirseach!
Tags: irish ireland gaeilge caitlín-maude treall
A ógánaigh...
ná bris
an ghloine ghlan
'tá eadrainn
(ní bhristear gloine
gan fuil is pian)
óir tá Neamh
nó Ifreann thall
'gus cén mhaith Neamh
mura mairfidh sé
go bráth?
ní Ifreann
go hIfreann
iar-Neimhe...
(Impí)
Tags: love irish ireland gaeilge caitlín-maude grá impí
Page 1 of 1.
Data privacy
Imprint
Contact
Diese Website verwendet Cookies, um Ihnen die bestmögliche Funktionalität bieten zu können.