Mo Sheanmháthair

Ar ais arís lá breá Lúnasa
Canach geosadáin ar foluain
Ar chuile leoithne ghaoithe
Do theach ina sceatraigh
Na cróite ina snaois,
Airím arís ceol na mblianta dearmadta,
Drumadóireacht an bhanna práis
Ag máirseáil síos an bóthar,
Tusa led' sciortaí ardaithe
Ag damhsa ar an screabán
Do sheachtar óg
Náire shaolta fút
Ina bhfál ceilte os do chomhair
Le nach bhfeicfeadh na comharsain
Meidhréis do dhamhsa.

Deirdre Brennan

Tags: granny großmutter mamó oma seanmháthair



Go to quote



Page 1 of 1.


©gutesprueche.com

Data privacy

Imprint
Contact
Wir benutzen Cookies

Diese Website verwendet Cookies, um Ihnen die bestmögliche Funktionalität bieten zu können.

OK Ich lehne Cookies ab