Bí ann nó as
táimse ag triall Ort

agus má tá
cuirim geasa Ort
mé a shábháil
ón dream
a deir
gur fear fuar
sa spéir Thú.

Caitlín Maude

Tag: poetry god faith irish ireland gaeilge a-dhé caitlín-maude



Vai alla citazione


Cad é an mhaith dom eagla a bheith orm? Ní shaorfadh eagla duine ón mbás, dar ndóigh.

Peig Sayers

Tag: fear death irish ireland kerry bás eagla gaeilge peig-sayers



Vai alla citazione


Treall

Tabhair dom casúr
nó tua
go mbrisfead is
go millfead
an teach seo,
go ndéanfad tairseach
den fhardoras
'gus urláir de na ballaí,
go dtiocfaidh scraith
agus díon agus
simléir anuas
le neart mo chuid
allais...

Sín chugam anois
na cláir is na tairnní
go dtógfad
an teach eile seo...

Ach, a Dhia, táim tuirseach!

Caitlín Maude

Tag: irish ireland gaeilge caitlín-maude treall



Vai alla citazione


A ógánaigh...
ná bris
an ghloine ghlan
'tá eadrainn
(ní bhristear gloine
gan fuil is pian)
óir tá Neamh
nó Ifreann thall
'gus cén mhaith Neamh
mura mairfidh sé
go bráth?
ní Ifreann
go hIfreann
iar-Neimhe...

(Impí)

Caitlín Maude

Tag: love irish ireland gaeilge caitlín-maude grá impí



Vai alla citazione


Craiceann a shníonn
go gléineach thar do ghéaga
mar bhainne á dháil as crúiscíní
am lóin
is tread gabhar ag gabháil thar chnocáin
do chuid gruaige
cnocáin ar a bhfuil faillte arda
is dhá ghleann atá domhain.

(Leaba Shíoda)

Nuala Ní Dhomhnaill

Tag: gaeilge filíocht gaelainn leaba-shíoda mná éire



Vai alla citazione


An cinniúnt, is dócha: féach an féileacán úd thall atá ag foluain os cionn mo choinnle. Ní fada go loiscfear a sciatháin mhaiseacha: cá bhfios dúinne nach bhfuil a fhios sin aige, freisin?

Pádraic Ó Conaire

Tag: fate irish ireland gaeilge cinnúint destinty ó-conaire



Vai alla citazione


Beatha
- do Mháire Mhic Amhlaoibh,
An Fál Mór, Co. Mhaigh Eo.


- Níor airigh tú caint ar an slabhcán? -
arsa Mary Nell le hiontas,
an slabhcán a bhailíodh sí ina gearrchaile di
ar charraigreacha an Fháil Mhóir,
a thugadh sí abhaile
is a ghearradh go mion, é a bhruith ainsin le deoirín uisce.
Nuair a d'fhuaraíodh sé dhéanadh sí leac -
an blas a bhíodh air leis an ngráinne salainn!

Níor bhlais Mary Nell an slabhcán le dhá scór bliain:
- Ní bhadrálann éinne thart anseo a thuilleadh leis,
Róleitheadhach atá siad.
Ach an stuif sin a bhíonns ag fear an tsiopa
I bpotaí beaga a thigeann sé, dath pinc air -

'Yoghurt?'
- Yoghurt. Yoghurt!
M'anam go liveálfainn ar an stuif sin.
M'anam go liveálfainn air. -

Tadhg Mac Dhonnagáin

Tag: ireland gaeilge éire fílíocht scéal-grinn witzig yoghurt



Vai alla citazione


Iar gclos báis Mháire
i dtuairim cháich má fágbhadh m'ainnir faoi fhód,
níor bhuadhaigh bás ar Mháire im mheabhair-se fós.

Pádraigín Haicéad

Tag: love death ireland bás gaeilge grá éire gaelic



Vai alla citazione


Seanabhean is ea mise anois go bhfuil cos léi insan uaigh is an chos eile ar a bruach. Is mó bogradh is cruatan curtha agam díom ón gcéad lá do saolaíodh me go dtí an lá atá inniu ann. Dá mbeadh ’fhios agam go mbeadh a leath, ná a thrian, i ndán dom ní bheadh mo chroí ná m’intinn chomh haerach ná chomh misníúil is do bhí i dtosach mo shaoil.

Peig Sayers

Tag: kerry peig gaeilge peig-sayers blasket gaoluinn irish-language munster



Vai alla citazione


Irish and English are so widely separated in their mode of expression that nothing like a literal rendering from one language to the other is possible.

Robin Flower

Tag: irish culture english linguistics cultural-differences gaeilge



Vai alla citazione



Pagina 1 di 1.


©gutesprueche.com

Data privacy

Imprint
Contact
Wir benutzen Cookies

Diese Website verwendet Cookies, um Ihnen die bestmögliche Funktionalität bieten zu können.

OK Ich lehne Cookies ab